Beidh lá eolais agus lá oscailte ar siúl in Ionad Pobail an Droma, Áth Luain, Co. Ros Comáin Dé Sathairn 19 Bealtaine, 12 – 4 i.n. mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOibre Deonaí. Táthar ar thóir oibrithe deonacha ag an ionad pobail – daoine atá sásta a bheith mar chomhalta boird nó mar oibrí deonach ag an mbiongó gach seachtain. “Tá an t-ádh orainn go bhfuil áiseanna den chéad scoth gan fiacha againn anseo sa Droim, ní theastaíonn uainn ach daoine chun leas a bhaint astu agus cúnamh a thabhairt dúinn” arsa Aodán Mac an Mhílidh, rúnaí an choiste.
Tá cuireadh oscailte roimh phobal an cheantair buail isteach le haghaidh cupán tae agus comhrá, nó chun súil a chaitheamh thart ar an ionad, nó chun ceist a chur. Beidh míle fáilte romhat. Más rud é go bhfuil spéis agat ach nach bhféidir leat a bheith i láthair ar an lá, is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.drum.ie