Biongó an Droma

Go raibh maith agaibh ó Bhiongó an Droma

Cuireadh Biongó an Droma ar fionraigh ag tús na paindéime COVID-19. Is oth leis an gCoiste nach bhfuil ar a gcumas biongó a athbhunú agus is mian leo buíochas a ghabháil le gach duine a thug tacaíocht dóibh.  Bhíodh biongó ina fhoinse luachmhar d’Ionad Pobail an Droma thar na blianta, ó lar na 1990idí go dtí 2020.

Stair

Bhíodh Biongó an Droma ar siúl gach Aoine in Ionad Pobail an Droma, Cnoc an tSamhraidh, Baile Átha Luain, Co. Ros Comáin. Bhíodh beagnach €1200 sa duais-chiste gach seachtain, agus leabhar arfáil ar chostas €3 ar leath-leabhar. Osclaíodh na doirse ag 8 i.n., agus tosaíodh an cluiche ag 8.30 i.n.. Bhíodh sos leath-ama againn (thart ar 9.20 i.n.) agus tháinig deireadh leis thart ar 10.20 i.n.. Bhíodh an siopa oscailte roimh bhiongó agus le linn leath-ama, le deochanna boga, seacláid, milseáin, criospaí agus marcóirí!

Bhíodh busanna ag teacht as áiteanna go leor.

Duaiseanna

Líne aonarach: €20
Dhá líne: €30
Teach lán: €40
Pota Óir (teach lán – cluiche 11): €100
Cluiche gill (bileog – leathanach 7): suas le €90 in aghaidh an líne [Bhíodh an duais le híoc bunaithe ar an uimhir sáinne (nó a chothromú suas go dtí an cúig is gaire). ba é €40 an íocaíocht ba lú in aghaidh an líne]

Praghsanna Leabhair

Leabhar dúbailte (12 painéil): €10
Leabhar aonarach (6 painéil): €6
Leath-leabhar (3 painéil): €3

Bileoga breise

Cluiche gill (cluiche 7) (6 painéil): €2 (ní raibh aon leath-bhileog) [Seo cluiche breise nach raibh san áireamh sa leabhar biongó. Imríodh é mar chluiche 7, tar éis leath-ama, agus bhíodh duais suas le €90 in aghaidh an líne [Bhíodh an duais le híoc bunaithe ar an uimhir sáinne (nó a chothromú suas go dtí an cúig is gaire). Ba é €40 an íocaíocht ba lú in aghaidh an líne]

Pota Óir (cluiche 11) (6 painéil): €1 (ní raibh aon leath-bhileog) [Bhíodh an pota óir san áireamh sa leabhar biongó. Imríodh é mar chluiche 11. Thug an bhileog bhreise seans sa mbreis duit a bhuachaint. Bhíodh €100 mar dhuais ar theach lán.

Is mór dúinn an tacaíocht a fuair muid thar na blianta!