Ionad Pobail an Droma

Is í príomhghníomhaíocht na cuideachta ionad pobail a sholáthair, a chóiriú agus a reáchtáil ar son áitritheoirí an Droma agus na gceantar mórthimpeall chun áiseanna do chúrsaí oiliúna, gníomhaíochtaí cultúrtha, fóillíochta agus oideachasúil agus seomraí cruinnithe d’eagraíochtaí carthanachta.

Áiseanna, Áirithintí agus Íocaíochtaí

Caith súil ar na hÁiseanna nó faigh amach cén chaoi Áirthintí agus Íocaíochtaí a dhéanamh tríd an ardán áirthintí ar líne, Sportskey.

Seol ríomhphost chugainn nó déan teagmháil linn ar Messenger nó trí théacs chuig 085-8712222

Ionad Pobail an Droma

Stair

Tionóladh cruinniú poiblí sa Droim i ndeisceart Ros Comáin ar an 14 Feabhra 1984 chun plé a dhéanamh faoin ngá le hionad pobail sa gceantar. Bunaíodh coiste ag an gcruinniú, agus tá cuid de na baill sin bainteach leis go fóill.

Osclaíodh doirse an ionaid i mí an Mhárta 1988, agus freastalaíonn sé ar phobal mhórcheantar Átha Luain le háiseanna fóillíochta ag praghas réasúnta ar láthair áisiúil. Cé go bhfuil fás thar chuimse ar an réigiún le blianta beaga anuas, cuirtear áiseanna spóirt ar fáil san ionad do chumainn, scoileanna agus grúpaí éagsúla an cheantair, mar aon le láthair do chruinnithe sóisialta eile, cosúil le biongó go seachtainiúil.

Táthar freagrach as an suíomh seo Drum.ie a reáchtáil.

Ionad an phobail…

Mar aon le heagraíocht dheonach ar bith, teastaíonn tacaíocht an phobail chomh mór anois agus a theastaigh an chéad lá ar beartaíodh an t-ionad siar sna 1980óidí. Cuirtear fáilte i gcónaí roimh oibrí deonacha a bheith bainteach le reáchtáil an ionaid, a chuimsíonn cúnamh a thabhairt ag an mbiongó agus páirt a ghlacadh i mbainistiú ginearálta an ionaid.

Ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil linn má tá spéis agat ann, nó tar chuig an mbiongó oíche Aoine éigin. Beidh míle fáilte romhat.

Cén chaoi a bheith páirteach

Más mian leat a bheith do bhall den chuideachta, déan teagmháil le duine de na Comhaltaí Boird (sonraí thíos). Toisc go bhfuil cuid de na baill reatha bainteach leis an gcuideachta ón gcéad lá riamh, teastaíonn uainn daoine nua a bheith páirteach sa gcuideachta. Is iad na baill a thoghtar mar Chomhaltaí an Bhoird Stiúrtha atá freagrach as cinntí a dhéanamh maidir le reáchtáil an ionaid. Beidh na comhaltaí boird freagrach as cinntí tábhachta maidir le todhchaí an ionaid a ghlacadh. Ní bhíonn níos mó ná seacht gcruinniú sa mbliain, de ghnáth, ach bíonn súil le comhaltaí a bheith i láthair chomh minic agus is féidir. Teastaíonn uainn daoine ó chúlraí éagsúla a fháil, chun a gcuid taithí agus saineolais a thabhairt chuig an ionad. Má tá súim agat a thuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil linn, le do thoil.

Is é ionad do phobail é, is fútsa é a bheith páirteach leis.

Rialachas Corparáideach

Bord Stiúrtha

  • Cathaoirleach: Padraig Seery
  • Leaschathaoirleach: Liam Doyle
  • Rúnaí Cuideachta: Aodán Mac an Mhíle
  • Rúnaí Cúnta: Gerard Mulligan
  • Comhchisteoirí: Liam Doyle, Aodán Mac an Mhíle
  • Cláraitheoir: Pat Glynn
  • Stiúrthóirí eile: Fred Carney

Sonraí Cláraithe na Cuideachta

  • Drum Community Centre
  • Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta
  • Cláraithe in Éirinn, Uimh. 107549
  • Oifig Chláraithe: An Chrannach, Cnoc an tSamhraidh, Baile Átha Luain, Co. Ros Comáin